Skip to main content

Náisiún
Ildánach

15 Thionscadal Fógartha um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Scroll
4 min read

15 Thionscadal Fógartha um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

4 min read

29/07/21

15 Thionscadal Fógartha um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Tá suiteálacha iontacha solais cois farraige, sráidbhailte athshamhlaithe Bhord na Móna, tionscadail dhícharbónaithe ar fud na hardchathrach agus tobshiopaí fuinnimh i measc na dtionscadal a dtacóidh Ciste €2 mhilliún um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide leo.

Cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán an Ciste seo ar fáil i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chuireann daoine ar an eolas faoin athrú aeráide agus a chuireann ar chumas shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD; “Creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an bpobal cruthaitheach chun práinn an athraithe aeráide a chur chun tosaigh. Sin é an fáth gur muidne an chéad tír de chuid an AE a sheol Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide den sórt seo. Léiríonn na tionscadail seo go bhfuil an tsamhlaíocht agus an tionchar ag cur chuige cruthaitheach i leith rannpháirtíocht an phobail, le tacaíocht ó eolaíocht acadúil, a thaispeáint go bhfuil todhchaí inbhuanaithe indéanta.”

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD; “Tá a fhios againn gur dúshlán mór cultúrtha é aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Múnlaíonn ár gcultúr an chaoi a dtéimid i ngleic lenár dtimpeallacht – trínár nósanna tomhaltais, smaointe faoin dúlra, na rudaí atá tábhachtach dúinn, agus na rudaí a cheapaimid atá indéanta agus dodhéanta.

“Chuir ár gComhráite Aeráide le pobail agus le daoine aonair agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide á ullmhú againn in iúl dúinn le déanaí go dteastaíonn ó dhaoine tacaíocht agus spreagadh a fháil chun athruithe a dhéanamh. Creidim go gcuideoidh tionscadail mar seo le samhlaíocht a spreagadh agus chun an chiall a bhaineann le ‘loirg carbóin’ agus ‘gníomhú ar son na haeráide’ a chur in iúl do dhaoine aonair agus do phobail.” 

Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide

Open Video

I measc na dtionscadal seo tá:

Field Exchange – Sraith imeachtaí cruthaitheacha é seo atá bunaithe ar an bhfeirm a thacóidh le feirmeoirí cleachtais talmhaíochta a chur i bhfeidhm a théann i ngleic leis an athrú aeráide san agus ar an ithir i dTiobraid Árann.

Repair Acts Ireland – Cuirfidh an tionscadal píolótach 16 mhí seo béim ar chúram, deisiú agus athúsáid rudaí san Iarmhí.

Corca Dhuibhne Inbhuanaithe 2030 – Oibreoidh ealaíontóir le feirmeoirí traidisiúnta agus le Mol Cruthaitheach an Daingin chun aird a tharraingt ar an gcúis a bhfuil gá le héagsúlú i gcleachtais reatha feirmeoireachta.

Sráidbhailte na nOibrithe – Déanfaidh Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann plé le cónaitheoirí i dtrí shráidbhaile de chuid Bhord na Móna i Lár na Tíre ar an todhchaí dhifriúil atá roimh mhuintir na háite agus ar thodhchaí níos inbhuanaithe a athshamhlú dá gcuid pobal.

Bee on a flower

ACT Phort Láirge – Oibreofar le cúig phobal sa tionscadal seo chun sábháil fuinnimh, éagsúlú fiadhúlra, úsáid mhéadaithe ar iompar poiblí agus forbairt doirteal carbóin a chur chun cinn agus chun na nósanna tomhaltais reatha a cheistiú.

Siopa Fuinnimh an Challain – Tobshiopa Fuinnimh i gcroílár an Challain, Co. Chill Chainnigh a bheidh mar chuid de thionscadal rannpháirtíochta pobail a dhéanfaidh soláthar fuinnimh an bhaile a athshamhlú ó bhonn, tionscnamh faoi stiúir Amharclann Asylum agus Loosysmokes.

Baint an Aeir/Hope it Rains – Ag obair trí mheán na Gaeilge, comhchruthóidh ealaíontóirí agus an pobal saothair ealaíne poiblí a ghineann fuinneamh in-athnuaite i gConamara a sholáthróidh cumhacht do sheirbhísí áitiúla agus a tharraingeoidh aird ar ídiú/laghdú fuinnimh.

"Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chuireann daoine ar an eolas faoin athrú aeráide agus a chuireann ar chumas shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh"

Gníomhú Chromghlinne ar son na hAeráide – Faoi stiúir an eolaí Niamh Shaw, cuirfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhairle le pobal Chromghlinne sraith tionscadal aeráide i ngníomh chun cur le heolas an phobail, an domhan nádúrtha a fheabhsú agus stíleanna maireachtála a athrú.

Ag dícharbónú le chéile – Sainaithneoidh cúig ghrúpa pobail i Luimneach gné den dícharbónú atá tábhachtach dóibh agus ansin oibreoidh siad le comhpháirtí cruthaitheach chun athrú iompraíochta ina saol laethúil a iniúchadh agus a chumasú.

Stories of Change – Is seó cruthaitheach bóthair idirghlúine é Stories of Change a thaistealaíonn chuig ceithre chontae a thaispeánfaidh réitigh áitiúla ar ghéarchéim na haeráide trí mheán na grianghrafadóireachta, na scéalaíochta agus an bhia.

KinShip – Déanfaidh an tionscadal seo plé leis an bpobal ar ghníomhú ar son na hAeráide trí chlár gníomhaíocht chruthaitheach pobail in Tramore Valley Park, páirc 170 acra a forbraíodh ar láithreán líonadh talún athghafa i gcathair Chorcaí.

Rising – Tá an tionscadal idirdhisciplíneach ealaíon seo faoi stiúir Amharclann Brokentalkers agus Choláiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath agus tacóidh sé le pobail Dugthailte Bhaile Átha Cliath iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar chastachtaí an athraithe aeráide, gníomhaíocht áitiúil a spreagadh agus gníomhú go náisiúnta mar mhúnla do phobail.

Línte na Farraige – Is sraith de shuiteálacha suntasacha solais iad seo a dhear ealaíontóirí de chuid na Fionlainne a chuirfear i sé shuíomh ar chósta na hÉireann i gContae Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Gaillimh. Tá na suiteálacha comhdhéanta de línte cothrománacha soilsithe a léiríonn leibhéil na farraige agus borradh stoirme sa todhchaí.

Ripple – Úsáidfidh an tionscadal seo próiseas comhdheartha chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le pobal Bhéal an Átha a spás glas áitiúil a atheagrú agus a athrú trí uisce a úsáid mar acmhainn agus mar bhealach chun athléimneacht aeráide a fheabhsú.

Trí chomhoibriú cruthaitheach le healaíontóirí áitiúla, filí, staraithe, fístéipeanna agus ceoltóirí a bhfuil sé mar aidhm acu daoine a spreagadh chun dul i ngleic leis an gcomhrac i gcoinne athrú aeráide, tá bealach siúlóide The Bohemian Way fógartha ag club peile íocónach Bhaile Átha Cliath Bohemian FC.

 

Tosóidh an obair ar gach ceann de na 15 Thionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide láithreach agus beidh gach ceann acu críochnaithe faoi Nollaig 2022.

Stay up to date

×